Fraoch

De réir an tseanchais, ní raibh planda ar bith sásta dul amach ar thírdhreach feannta, sceirdiúil na sléibhe seachas an fraoch. Is mar chúiteamh ó Dhia ar an íobairt sin atá bláthanna áille, boladh cumhra, agus neart meala ag an ilbhliantóg adhmadach seo.[1] Ach in ainneoin na mbuanna atá ag an bhfraoch, deirtí freisin: “An t-ór faoin aiteann, an t-airgead faoin luachra, agus an gorta faoin bhfraoch.” Is léiriú é seo, is dócha, ar nádúr na talún ina bhfásann sé – portaigh, sléibhte, agus talamh imeallach, neamhthorthúil.

Tá cineálacha éagsúla fraoigh i measc na bplandaí is coitianta atá ar phortaigh agus ar shléibhte na tíre. Is i gConamara a fhásann níos mó cineálacha fraoigh ná áit ar bith eile i nÉirinn ná sa mBreatain. Bíonn dath corcra an fhraoigh ar phortaigh agus ar chnoic an iarthair sa samhradh agus tús an fhómhair. Cé nach bhfásann an fraoch ach in ithir bhocht, aigéadach, scaipeann siad go héasca má aimsíonn siad an cineál talún sin.

Ericaceae – fine an fhraoigh

Is sa bhfine Ericaceae atá na fraochanna go léir curtha ag luibheolaithe. Áirítear in Ericaceae an fhraochóg (Vaccinium myrtillus), sceach bheag a tháirgeann torthaí beaga inite, an chaithe (Arbutus unedo), ceann de bheagán crann in Éirinn a bhíonn bláth agus toradh air ag an am céanna, agus an róslabhras (Rhododendron ponticum), planda ionrach atá tar éis greim a fháil ar stráicí móra d’iarthar na hÉireann. Is plandaí iad seo go léir atá compordach ag fás i gcréafóg aigéadach phortaigh na hÉireann. Ní haon ionadh é go n-áirítear fraoch ina measc.

Faightear cineálacha fraoigh i dtrí ghéineas difriúla – Calluna, Erica, agus Daboecia. Cé go gceapann muid gurb é an bláth an chuid is suntasaí den bhfraoch, is sna duilleoga atá an difríocht is mó idir plandaí sna géinis seo. Tá duilleoga beaga gainneacha ag plandaí i Calluna, is duilleoga spíonlacha atá ag Erica, agus tá duilleoga beaga ubhacha ag Daboecia. Is ón ngéineas Erica a thagann ainm na finte, Ericaceae. Is sa ngéineas seo atá péire de na cineálacha fraoigh is coitianta in Éirinn.

Fásann an fraoch cloigíneach (Erica cinerea) in áiteanna tirime agus aigéadacha. Feictear é ar chnoic phortaigh agus san ithir éadomhain timpeall ar chlocha eibhir. Tá an fraoch seo, in éineacht leis an bhfraoch mór, thar a bheith coitianta in iarthar na hÉireann. Tagann na bláthanna bándearga nó corcra amach i mí an Mheithimh agus leanann siad orthu ag bláthú go deireadh an tsamhraidh. Fásann na duilleoga spíceacha i rothóga ar an ngas.

Tá cosúlachtaí idir an fraoch naoscaí (Erica tetralix) agus an fraoch cloigíneach. Is radharc coitianta ar phortaigh an iarthair é, cé nach bhfuil sé chomh flúirseach leis an bhfraoch mór ná an fraoch cloigíneach. Mar aon le cineálacha fraoigh eile, is i gcréafóg aigéadach a fhásann an fraoch naoscaí, cé go bhfuil sé níos compordaí ná na cineálacha fraoigh eile i dtalamh atá níos fliche. Faigheann sé an t-ainm tetralix mar go bhfuil ceithre dhuilleog spíceacha ar gach rothóg i gcomparáid le trí cinn atá ar an bhfraoch cloigíneach. Bíonn dath níos gile ar bhláthanna bándearga an fhraoigh seo ná mar a bhíonn ar na speicis eile. Is ar bharr an ghais a bhíonn na bláthanna i mbraislí agus is minic leo a bheith iompaithe an treo céanna.

Ní sa ngéineas Erica atá ceann de na cineálacha fraoigh is coitianta in Éirinn, an fraoch mór (Calluna vulgaris). Is é an fraoch mór an fraoch is coitianta ar an bportach. Tá cuma na sceiche ar an bplanda mór craobhach dlúth seo a fhásann chomh hard le 60cm. Fásann na bláthanna geala corcra ar raicéimí fada. Bláthaíonn an fraoch mór níos deireanaí sa samhradh, ó mhí Iúil ar aghaidh, ná na cineálacha fraoigh eile.

An fraoch camógach.

Fraoch annamh agus uathúil

Cé go bhfuil an fraoch naoscaí, an fraoch cloigíneach, agus an fraoch mór thar a bheith coitianta in Éirinn, tá speicis fraoigh eile atá i bhfad níos neamhghnáthaí ag fás ar an gcósta thiar. Faightear an fraoch camógach (Erica erigena) in iarthar Chontae Mhaigh Eo agus iarthar Chontae na Gaillimhe. Is planda eisceachtúil é seo in Éirinn, mar go mbláthaíonn sé sa ngeimhreadh. Is in 1830 a rinneadh an chéad tagairt den phlanda seo in Éirinn, cé go bhfuiltear ag ceapadh go raibh sé ag fás in Éirinn ó 1700 ar aghaidh.[2] Is cosúil leis an bhfraoch mór atá an fraoch seo, seachas go bhfásann na duilleoga spíceacha i rothóga de ceithre dhuilleog ar an ngas.

Níos annaimh ná an fraoch camógach, tá fraoch Mhic Aoidh (Erica mackaiana). Ní fhásann an fraoch uathúil seo ach in Éirinn in iarthar na Gaillimhe, iarthuaisceart Dhún na nGall, agus áit amháin in iarthar Chiarraí.[3] San áit a bhfásann sé in aice leis an bhfraoch naosctha, faightear uaireanta fraoch Praeger (Erica x stuartii), hibrid idir an dá phlanda. Tá an fraoch frainseach (Erica ciliaris), ar an bhfraoch is annaimh in Éirinn. Ní fhásann sé sa tír seo ach i ngrúpa beag plandaí in aice le portaigh Chloch na Rón.  Tugtar Dorset Heath air mar go bhfásann sé go flúirseach freisin in iar-dheisceart Shasana. Fásann an fraoch gallda (Erica vagans), Cornish Heath, in iar-dheisceart Shasana freisin.

Fraoch na haon choise.

Is planda uathúil freisin é fraoch na haon choise (Daboecia cantabrica), planda nach bhfásann in Éirinn ach in iarthar na Gaillimhe agus iarthar Mhaigh Eo, agus nach bhfásann fiáin sa mBreatain ar chor ar bith. Tá sé fairsing ar an bportach ach feictear freisin é ar thaobh an bhóthair i gConamara, go háirithe sa gcréafóg éadomhain timpeall ar chlocha eibhir. Is fraoch beag é agus ní thabharfá mórán suntais dó murach na bláthanna móra corcra, i bhfoirm cloigne ag titim anuas ó na géaga, a bhíonn le feiceáil i gcaitheamh an tsamhraidh. Tá an planda seo curtha ar fud an domhain anois, a bhuíochas do thionscal na garraíodóireachta.

Gaelach agus Ibéarach – cruacheist na bplandaí Lúsatánacha

Tá dáileadh tíreolaíochta ar leith ag na plandaí annamha thuasluaite. Tá siad go léir flúirseach sa bhFraince agus ar Leithinis na hIbéire. Ach tá dáileadh an-teoranta acu in Éirinn, agus i gcás dhá speiceas, i Sasana. Tugtar dáileadh Lúsatánach ar an scaipeadh tíreolaíochta seo atá ag na plandaí. Tá cuid acu teoranta d’iarthar na Gaillimhe agus Mhaigh Eo, cuid eile ag fás i gCiarraí nó i nDún na nGall. Níl loighic soiléir leis an dáileadh seo. Mar gur tríd an mBreatain a tháinig formhór de fhlóra an oileáin seo nuair a leá na hoighearshruthanna deiridh, cuireann na plandaí Lúsatánacha agus a scaipeadh tíreolaíochta in Éirinn mearbhall ar luibheolaithe ar fud an domhain.[4]

Níl aon cheist ach gur plandaí dúchasacha iad an fraoch cloigíneach agus an fraoch naoscaí –  is plandaí fairsinge iad a bhí ag fás in Éirinn sular tháinig na chéad daoine anseo timpeall 9,000 bliain ó shin. Go dtí le déanaí cheaptaí an rud céanna faoi na fraochanna annamha. Go deimhin, maítear gur ábhar mórtais i measc luibheolaithe na hÉireann a bhí sna plandaí áille Lúsatánacha. Ní mórán plandaí dúchasacha atá in Éirinn nach bhfuil dúchasach sa mBreatain freisin, agus bhí claonadh ann gan staidéar ró-ghéar a dhéanamh ar dháileadh aisteach na bplandaí Gaelacha (agus Ibéaracha) seo, le faitíos go dtógfaí uainn stádas speisialta na bplandaí. Ach nuair a rinneadh dianstaidéar ar dháileadh na plandaí seo, feiceadh gur timpeall ar chuanta agus ar chuaisíní iargúlta agus ar chosáin uaigneacha a bhí siad ag fás.

Cuireann staidéar géiniteach ar na plandaí seo leis an bhfianaise gur dóigh anois nár scaip na plandaí seo go nádúrtha ón Ibéir go hÉireann, ach gur tháinig siad thar muir, b’fhéidir mar ábhar pacála nó leabaithe. Maítear go bhfuil fraoch na haon choise agus an fraoch camógach in Éirinn le na céadta bliain, ach go mb’fhéidir go ndearna na speicis eile an aistear anseo níos deireanaí, tar éis an 18ú haois.[2]

An fraoch mór.

Fraoch sa bpobal

Cibé faoin bhfraoch Lúsatánach, tá an fraoch dúchasach forleathan in Éirinn leis na mílte bliain, mar is léir ó mhinicíocht an fhocail i logainmneacha na tíre. Faightear an focal fraoch i logainmneacha amhail Inis Fraoigh (Inisfree) i gContae Shligigh, Ceathrú Fraoigh (Carrowfree) i gContae an Chláir, Cor na bhFraoch (Cornavray) i gContae Fhear Manach, agus Cor an Fhraoigh (Corraree) i gContae Ros Comáin.[5] Dár ndóigh, is i bhfolach sna logainmneacha go minic a bhíonn na plandaí, an fraoch san áireamh, a spreag na hainmneacha sin. Is mar sin atá sé le Breac-chluain, Co. na Mhaigh Eo:

Breac = íoldathach mar gheall a cosamhlacht fa fraoch corcar, portach dubh, páirceanna glasa, saíliní aitinne, bairr bhuidh agus glasa.

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0115, Leathanach 51

Is iomaí úsáid freisin a bhaintí as planda a bhí chomh coitianta leis an bhfraoch. Cé gur minic nach ndéantar idirdhealú sna taifid stairiúla faoi na cineálacha fraoigh a bhí in úsáid ag daoine fadó, is plandaí beaga, boga iad na cineálacha fraoigh atá sa ngéineas Erica. Ní mar sin atá an fraoch mór, Calluna vulgaris, atá in ann gar do mhéadar in airde a bhaint amach. Tá a chuid craobhacha géagach, righin, agus láidir, tréithe a chinntigh go raibh neart úsáide ag daoine as an bhfraoch seo san am atá caite. Anuas ar seo, is ar thalamh meath-thorthúil a d’fhás an fraoch, áiteanna a raibh ganntanas crainnte agus sceacha eile ag fás ann. Ceal ábhar adhmadach eile, bhí daoine ag brath ar an bhfraoch mór.[6]

Cé gur mó a luaitear an saighleánach (Salix viminalis), agus plandaí eile sa ngéineas sin, chomh maith leis an gcoll (Corylus avellana) le tionscadal na caoladóireachta, bhí ról lárnach ag an bhfraoch mór sa gceird sin ar chósta iarthair na hÉireann. Dhéantaí ciseoga, potaí gliomaigh, agus ábhar eile as.  Dhéantaí rópaí as craobhacha an fhraoigh chomh maith, agus baineadh leas astu ar dhíonta tuí.[7] Bhíodar ag brath ar phlandaí eile le díonta a chóiriú, freisin:

Bhíodh fraoch, cíab, nó cochain a bhíodh mar a ceann ar na sean tighe fadó. Gheobhfhadh siad an fraoch, cíab i bhfad suas sa cnoc.

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086B, Leathanach 43_003

Is tuí, nó sifín féir triomaithe, atá sa gcochán. Is dócha gurb é an tsábhsheisc (Cladium mariscus) an chíb (cíab) atá i gceist anseo. Bhaintí go leor úsáide as an gcíb fada, láidir, géar seo mar ábhar tógála sna háiteanna a raibh sé ag fás go flúirseach. B’fhearr é ná an fraoch mar ábhar díonta, ach ní raibh sé chomh coitianta leis an bhfraoch. B’obair chrua a bhí ann, ag baint fraoigh agus á dtabhairt anuas ón sliabh:

Maidí gúisaigh a bhíodh mar ádhmad ar an tíghe agus sgraitheacha agus fraoch agus cíb ar an mullach. Tarbhadh siad an fraoch agus an cíb anuas ón’ gcroc ar a ndruim.

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086B, Leathanach 17_032

Dhéantaí scuaba as an bhfraoch, agus ábhar le potaí a ghlanadh freisin.[7]

An dóigh a dheanadh siad na scuaba rachadh siad na chnuic agus gheobhadh siad fraoch agus bata fada agus chuirfeadh siad an fraoch thart air.

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 175

D’úsáidtí an bheith (Betula spp.) le scuaba a dhéanamh freisin[8] – cheanglóidís géaga ón mbeith agus ón bhfraoch le cois adhmaid agus d’úsáidí seo le hurláir cré na dtithe a scuabadh. Bhídís ag dathú éadaigh le fraoch – gheobhaidís dath buí, dubh, agus donn uaidh, ag braith ar an gcur chuige.[7]

Bhiodh na daoine ag dathughadh le fraoch fado. An fraoch a bhruith agus ailim a chur trid agus an sugh do bhiodh ortha dheanadh se dath buidhe.

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 247

D’úsáidtí bláthanna ón bhfraoch mór le tae a dhéanamh, agus d’úsáidtí géaga an phlanda in ionad hopa le blas a chur ar bheoir.[7] Bíonn cumhra an fhraoigh ó mhil a dhéantar in aice le talamh portaigh, mar gur ón bplanda sin a fhaigheann beacha an neachtar atá uathu. Bíonn an-éileamh ar an táirge sin, agus deirtear go bhfuil sé ar chomhchéim leis an mhil aitheanta Mānuka, ón Nua-Shéalainn, mar a bhaineann sé le buntáistí sláinte.[9] Bhaintí úsáid díreach as an bhfraoch in Éirinn le breoiteachtaí éagsúla a leigheas, freisin. Bhí sé go maith do chroí lag i gCo. an Chláir, casacht i gCill Mhantáin, plúchadh i dTiobrad Árann, agus bolg tinn i Luimneach.[6]

Frítheadh fioghual fraoigh atá 3000 bliain d’aois i gCo. Chiarraí, a thugann le fios go ndóití fraoch mar bhreosla. Dár ndóigh, dhóití an fraoch, in éindí le hábhar eile, i dtinte cnámha freisin:

An lá roimh Aoil tSin tSeáin cruinnigheann na páistí cáirseán (cársán) teara, giumhsach, fraoch, aitinn, ola, agus móin. Cuirtear an mhóin agus na h-aitinní síos i dtosaeach, agus nuair a thigeann solas beag orra cuirtear an giumhsach, an cársán agus an teara uirthi. Cuidhigeann na trí ruda sin le chéile chun solas mór a chur uirthi agus annsin cuirtear an fraoch, an atitinn agus an ola uirthi agus cuireann sé sin an solus i bhfiadháin.

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 197 (Maigh Eo)

Dhóití criathrach freisin le go mbeadh caoirigh in ann na meatháin óga boga fraoigh a ithe.[7] Leantar leis an gcur chuige sin inniu, agus déanann caoirigh (agus fianna) scrios leanúnach ar ghnáthóga fraoigh. Baintear móin, agus draenáiltear portaigh.  

Is cuid thábhachtach é an fraoch d’éiceachórais an phortaigh – tugann sé foscadh agus tearmann d’ainmhithe agus d’éin, amhail an chearc fraoigh agus an fhuiseog. Is foinse bia do bheachain agus feithidí eile é neachtar na mbláthanna. Is linn charbóin iad na portaigh ar a bhfásann sé. Tá caomhnú an fhraoigh agus gnáthóga an fhraoigh criticiúil le go mbeidh muid in ann dul i ngleic leis an athrú aeráide. Chaill an tSualainn agus an Danmhairg beagnach 70% de na gnáthóga portaigh a bhí acu idir 1860-1960. Chaill an Ísiltír 95% sa tréimhse chéanna.[10] Tá dualgas reachtúil orainn iad a chaomhnú, agus ní léir go bhfuiltear á ndéanamh sin.[11] Ba chóir aird a thabhairt ar an scéal faoin dá chearc fraoigh a bhí ag ithe fraoch:

The cock said, “Cearc, Cearc, spáráil an fraoch, spáráil an fraoch.” The hen said, “Ní theastuigheann uaim é a spáráil, féach ar an gcnocán sin, agus an cnocán sin, tá go leor de ann”. The cock said, “Féach ar an mbó sin, agus an bhó sin, tá siad go léir ag ithe agus beidh sé go léir ithte tar éis tamaill.”

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0142, Leathanach 45

Tagairtí

1. Williams, N., Díolaim Luibheanna. 1993, Sáirséal-Ó Marcaigh: Baile Átha Cliath.

2. Skeffington, M.S. and N. Scott, Were the five rare heathers of the west of Ireland introduced through human activity? An ecological, genetic, biogeographical and historical assessment. British & Irish Botany, 2023. 5(2).

3. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

4. Beatty, G.E. and J. Provan, Post‐glacial dispersal, rather than in situ glacial survival, best explains the disjunct distribution of the Lusitanian plant species Daboecia cantabrica (Ericaceae). Journal of Biogeography, 2013. 40(2): p. 335-344.

5. Joyce, P.W., Irish Names of Places. 1913, Baile Átha Cliath: Phoenix Publishing Ltd.

6. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.

7. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.

8. Mc Loughlin, J., Trees and woodland names in Irish placenames. In. Irish Forestry, 2016. 73: p. 239-257.

9. Kavanagh, S., et al., Physicochemical properties and phenolic content of honey from different floral origins and from rural versus urban landscapes. Food Chemistry, 2019. 272: p. 66-75.

10. Pakeman, R.J., et al., Rehabilitation of degraded dry heather [Calluna vulgaris (L.) Hull] moorland by controlled sheep grazing. Biological Conservation, 2003. 114(3): p. 389-400.

11. NPWS, The Status of EU Protected Habitats and Species in Ireland. Volume 1: Summary Overview. Unpublished NPWS report. 2019.