Tintreach agus Crainn

Is féidir le buille tintrí a bheith marfach do chrann. Mura maraítear an crann ar an toirt, lagaíonn tintreach crainn sa gcaoi is go mbíonn siad leochaileach d’ionsaithe ó fheithidí agus ó ionfhabhtú ó ghalracha. Deirtear go mbuaileann tintreach an fhuinseog (Fraxinus excelsior) sula mbuaileann sé aon chrann eile, ach níl aon fhianaise ann go bhfuil crainn ar leith níos leochailí do thintreach. Ach tacaíonn buillí tintreacha le crainn freisin. Tosaíonn siad tinte, a bhíonn ag teastáil chun buaircíní ar leith a oscailt, ar nós an buaircíní an phéine chontórtaigh (Pinus contorta) agus na crónghiúise (Sequoia sempervirens). Glanann tinte an talamh freisin, ionas go bhfásfaidh speicis eile crann. Chomh maith leis sin, saibhríonn tintreach an ithir le comhdhúile nítrigine, agus baineann plandaí, crainn san áireamh, úsáid astu mar leasú talún agus iad ag fás.

Bíonn tine ag teastáil le go n-osclóidh buaircíní éagsúla, cosúil leo siúd a bhíonn ag an mhórghiúis dhúdach.

Deirtear go mbuaileann tintreach an fhuinseog (Fraxinus excelsior) sula mbuaileann sé aon chrann eile,[1, 2] agus tá dornán de thaifid i mBailiúchán na Scol a léiríonn an nasc seo idir an fhuinseog agus tintreach. In iontráil amháin, in 1911 i gContae na Mí, luaitear gur maraíodh 17 beithíoch nuair a bhuail tintreach iad in aice le fuinseog. De réir scéala eile as Contae na Mí, bhuail tintreach fuinseog a bhí in aice tí. Dar leis an scéalaí, lean an tintreach fréamhacha an chrainn, a chuaigh faoin teach, agus aníos arís agus isteach sa teach ina phléasc.

Is feiniméan casta é an tintreach. Is iomaí cosán a thógann sé ag teacht anuas ó na scamaill, agus ag dul ón talamh suas arís go dtí na scamaill (bíonn an tintreach a fheictear ag dul suas, cé go mbreathnaíonn sé dúinn gur anuas atá sé ag teacht). Bíonn sé deacair a thuar cén áit go díreach a shocraíonn tintreach dul go talamh, agus ní i gcónaí a roghnaítear an crann nó an rud is airde. Mar sin, cé gur minic a bhíonn an fhuinseog ar an gcrann is airde sa gceantar, ní hé an crann is airde i gcónaí a bhuaileann an tintreach.[3]

Tá tionchar mór agus leanúnach ag tintreach ar chrainn. Tarlaíonn timpeall 44 buille tintrí gach soicind (beagnach 4 mhilliún gach lá) ar an bpláinéad,[4] agus is sna ceantair thropaiceacha a tharlaíonn 78% acu seo. Ní bhuaileann chuile cheann an talamh—téann cuid acu ó scamall go scamall. Ach tá gach buaille tintrí a tharlaíonn sa spéir tábhachtach do phlandaí, mar go bhfosaíonn tintreach nítrigin sa gcréafóg. Briseann teocht ard na tintrí na naisc idir an dá adamh sna móilíní nítrigine (N2) atá san aer. Nascann na hadaimh nítrigine a scaoiltear saor le hocsaigin (O2) chun ocsaídí nítrigine (NO2) a dhéanamh. Tuaslagann sé seo le huisce san atmaisféar chun aigéad nítreach a dhéanamh. Titeann sé seo le báisteach, téann sé isteach sa gcréafóg,[5, 6] agus baineann plandaí úsáid as mar leasú talún agus iad ag fás.

An péine contórtach.

Dár ndóigh, lasann buillí tintrí falscaithe freisin. Cé go bhfuil tinte fiáine mar seo in ann go leor dochair a dhéanamh do chrainn nach bhfuil in ann an teas a sheasamh, tá loscadh mar seo tábhachtach do chrainn bhuaircíneacha ar leith, ar nós an péine contórtach (Pinus contorta) agus an chrónghiúis (Sequoia sempervirens). Osclaíonn an teas buaircíní na gcrann seo chun na síolta a scaoileadh. Bíonn an talamh loiscthe ar a dtiteann siad foirfe do na crainn óga, a bhíonn in ann fás gan iomaíocht ó phlandaí eile. Le go mbeidh an straitéis seo éifeachtach, bíonn tinte beaga, rialta ag teastáil ó na crainn seo. Ach ní mar sin a bhíonn tine anois. Leis na cineálacha triomaigh atá ag tarlú le hathrú aeráide, anuas ar na bealaí sochtadh dóiteáin atá ar siúl ag daoine atá ag iarraidh maoin a chosaint, is loscadh mór millteach a bhíonn mar thoradh ar thintreacha anois, rud a dhéanann damáiste do gach rud atá beo sa gceantar sin.[7]

An péine Albanach.

Tá buillí tintrí in ann damáiste díreach a dhéanamh do chrainn, freisin, má bhuailtear iad. Mura maraítear an crann ar an toirt, lagaíonn tintreach crainn sa gcaoi is go mbíonn siad leochaileach d’ionsaithe ó fheithidí agus ó ionfhabhtú ó ghalracha. Ar an gcaoi chéanna go bhfuil buille tintrí in ann go leor beostoc a mharú in aon iarraidh amháin, tá tintreach amháin in ann dochar a dhéanamh do go leor crann. In 1970 maraíodh 250 péine Albanach (Pinus sylvestris) a bhí i bhfáschoill i Sasana nuair a bhuail tintreach amháin iad.[5]

Is é méid teasa na tintrí, agus an ráta tapa a théann an crann, a dhéanann damáiste den chrann nuair a bhuaileann tintreach toirní é. Ceaptar go ngalaíonn an t-uisce sa gcaimbiam chomh tapaidh sin go bpléascann an t-adhmad. Fágtar rian an phléasca ar an stoc, agus má bhíonn fuinneamh an bhuille tintrí sách ard, scriostar an crann go hiomlán. Cé go luaitear uisce sna fréamhacha, nó roisín agus stáirse san adhmad, mar chúiseanna go mbuaileann tintreach speicis éagsúla crann thar a chéile, níl aon fhianaise ann go bhfuil crainn ar leith, an fhuinseog san áireamh, níos leochailí (ná níos mealltaí) do thintreach.[3]

Tagairtí

1. Bell, S., et al., Cultural aspects of the trees in selected European countries: COST E42: Valuable broadleaved trees in Europe. 2009.

2. Mac Coitir, N., Ireland’s Trees–Myths, Legends & Folklore. 2016: Gill & Macmillan Ltd.

3. Mäkelä, J., et al., Attachment of natural lightning flashes to trees: Preliminary statistical characteristics. Journal of Lightning Research, 2009. 1(1).

4. Christian, H.J., et al., Global frequency and distribution of lightning as observed from space by the Optical Transient Detector. Journal of Geophysical Research: Atmospheres, 2003. 108(D1): p. ACL 4-1-ACL 4-15.

5. Taylor, A.R. Ecological aspects of lightning in forests. in Proceedings of the Tall Timbers fire ecology conference. 1974.

6. Schumann, U. and H. Huntrieser, The global lightning-induced nitrogen oxides source. Atmos. Chem. Phys., 2007. 7(14): p. 3823-3907.

7. Stephens, S.L., et al., Drought, Tree Mortality, and Wildfire in Forests Adapted to Frequent Fire. BioScience, 2018. 68(2): p. 77-88.