Pinaceae

Is crainn nó sceacha bhuaircíneacha iad na plandaí sa bhfine Pinaceae. Ina measc tá cuid de na crainn is líonmhaire in Éirinn—na sprúis (Picea spp.) agus na crainn phéine (Pinus spp.). Tugtar buaircíneacha orthu mar gurb é buaircín é toradh an chrainn. Is é an péine Albanach (Pinus sylvestris) an t-aon chrann ón bhfine seo atá dúchasach in Éirinn, cé nach bhfuil mórán de na crainn phéine Éireannacha seo fós ann. Tugadh isteach stoc péine ón Albain nuair a gearradh na crainn phéine Éireannacha. Is crainn thábhachtacha iad an péine contórtach (Pinus contorta) agus an sprús Sitceach (Picea sitchensis) in earnáil foraoiseachta na hÉireann.

Fáschoill de sprúis Lochlannacha.

Tá cuid de na buaircíneacha is coitianta in Éirinn agus ar fud an domhain sa bhfine Pinaceae. Ina measc tá na crainn phéine (Pinus spp.), amhail an péine Albanach (Pinus sylvestris), crann a bhíodh fairsing in Éirinn go dtí gur bheag nár díothaíodh é den oileán 400 bliain ó shin. Is sa bhfine seo freisin atá na sprúis (Picea spp.).

Níl sé dúchasach in Éirinn ach tá an sprús Sitceach (Picea sitchensis) ar cheann de na crainn is coitianta sa tír seo anois, a bhuíochas do na fáschoillte foraoiseachta a bhrataíonn iarthar na tíre go háirithe. Tá na giúiseanna (Abies spp.) i Pinaceae freisin. Tá cuid acu seo, giúis Dhúghlais ina measc (cé nach fíor-ghiúis í), ar chuid de na crainn is airde ar domhan.

Péine Monterey.

Tá crainn sa bhfine Pinaceae tar éis scaipeadh ar fud an domhain, go háirithe sa Leathsféar Theas, toisc a dtábhacht i dtionscal na foraoiseachta. Mar shampla, tá an tábhacht chéanna le péine Monterey (Pinus radiata) sa Nua-Shéalainn agus atá leis an sprús Sitceach in Éirinn.

Tugtar buaircíneacha ar na crainn sa bhfine Pinaceae mar gheall gurb é an buaircín tréith atá ag gach planda den bhfine seo i gcoitinne. Is é an buaircín toradh an chrainn. Go teicniúil, is strobalais (is iondúil go dtugtar cóin orthu) atá ag na crainn san ord seo in áit bláthanna. Tugtar cón pailine ar an orgánach a ghineann pailin. Tugtar cón síl ar an orgánach ina bhfuil na hubhúlaí. Athraíonn na hubhúlaí go síolta nuair a phailnítear iad.

Plandaí sa bhfine Pinaceae