Sapindaceae

Níl aon phlanda ón bhfine Sapindaceae dúchasach in Éirinn—is ó cheantair thrópaiceacha agus fhothrópaiceacha a thagann formhór acu—ach tá crainn ón bhfine fairsing in Éirinn le fada. Is sa bhfine seo atá na mailpeanna (Acer spp.). Tá an seiceamóir (Acer pseudoplatanus) nádúraithe in Éirinn le breis is 400 bliain, agus b’fhéidir le níos mó ná 1,000 bliain. Is sa bhfine seo freisin atá crann mór craobhach eile, an crann cnó capaill (Aesculus hippocastanum).

Tá crainn eile ón ngéineas Acer coitianta in Éirinn, go háirithe an mhailp (Acer campestre) agus an mhailp Lochlannach (Acer platanoides). Cuirtear an mhailp i bpáirceanna mar gheall ar na dathanna éagsúla a bhíonn ar a duilleoga sa bhfómhar, agus i gceantair uirbeacha mar go bhfuil sí in ann déileáil le truailleáin san aer. Soláthraíonn an dá chrann seo adhmad ar ardchaighdeán a úsáidtear chun troscáin agus uirlisí ceoil (veidhlíní ach go háirithe) a dhéanamh. Déantar síoróip mhailpe ón mhailp shiúcra (Acer saccharum), a fhásann in oirthuaisceart Mheiriceá Thuaidh.

Tá an géineas Sapindus sa bhfine seo. Déantar gallúnach as torthaí na gcrann seo san India agus in áiteanna eile. Tagann an t-ainm Sapindus ó ‘sapo’ (gallúnach) agus ‘indicus’ (India). Is ó ainm an ghéinis seo a fuair Sapindaceae a hainm. Tá go leor torthaí clúiteacha eile sa bhfine seo. Tagann an lítsí—toradh inite a bhfuil an-tóir air san Áis—ó phlandaí sa ghéineas Litchi.