Rosaceae

Fine na rósanna a thugtar ar an bhfine Rosaceae, fine a bhfuil raon leathan plandaí le bláthanna inti, timpeall 3,000 speiceas. Tá crainn agus sceacha, chomh maith le plandaí luibheacha, sa bhfine. Tá cuid de na plandaí le torthaí is tábhachtaí ar domhan sa inti freisin. Soláthraíonn plandaí ón bhfine seo úlla, piorraí, silíní, plumaí, sútha talún, agus sútha craobh, i measc go leor torthaí eile. Dár ndóigh, is iomaí cineál agus saothróg den rós atá ag fás in Éirinn.

Bíonn cúig pheiteal ar bhláthanna na bplandaí sa bhfine Rosaceae. Cé gur torthaí feolmhara a bhíonn orthu go léir, tá éagsúlacht cineálacha torthaí ag na plandaí. Bíonn drúip—toradh le ‘cloch’ chrua sa lár—ag na silíní agus an draighean (Prunus spp.). Is braisle de dhrúipíní a bhíonn ag plandaí ar nós an dris (Rubus spp.). Is aicéiní (síolta beaga crua leabaithe i gcraiceann an toraidh) a bhíonn ag sútha talún.

Cé gurb iad na rósanna agus plandaí le torthaí inite is mó a shamhlaítear leis an bhfine Rosaceae, tá go leor luibheanna dúchasacha ón bhfine seo ag fás fiáin in Éirinn. Tá an néalfartach (Potentilla erecta), an briosclán (Potentilla anserina) agus an cúig mhéar Mhuire (Potentilla reptans) ar na plandaí fairsinge le bláthanna buí ón bhfine seo. Is ón airgead luachra (Filipendula ulmaria) a fuarthas aspairín den chéad uair. Agus is plandaí ionracha ón bhfine Rosaceae iad na cotóinéastar (Cotoneaster spp.). Cuireadh sna gairdíní iad ar dtús, ach scaipeann éin a gcuid síolta i bhfad is i gcéin, agus feictear na sceacha neamhdhúchasacha seo ag fás anois fiú ar shuíomhanna uaigneacha an oileáin.