Taxaceae

Is fine bhuaircíneach í an fhine Taxaceae, nó clann na n-iúr, mar a thugtar go minic uirthi. Is inti atá an géineas Taxus, a bhfuil an t-iúr (Taxus baccata) ar cheann dá speicis mór le rá. Is ó nimh na n-iúr a rinneadh paclitaxel, druga tábhachtach ceimiteiripe. Bhí an oiread éilimh ar an druga seo gur bheag nár díothaíodh an t-iúr Síneach (Taxus chinensis).

An t-iúr.

Níltear cinnte cén t-ord plandaí is feiliúnaí don fhine Taxaceae. Tá sé ghéineas (agus 27 speiceas)[1] sa bhfine. Is buaircíneacha iad atá éagsúil ó na crainn san ord Pinales (na crainn phéine agus na giúiseanna, ina measc) agus ó na crainn san ord Cupressales (na cufróga agus na céadair). Go dtí le déanaí cuireadh Taxaceae isteach in ord léi féin, Taxales,[2] ach creidtear anois go bhfuil gaol níos gaire ag an fhine Taxaceae le finte eile san ord Cupressales.[3]

Amhail crainn eile san ord Cupressales, cosúil le céadair mhóra na Meánmhara agus cufróga arda Mheiriceá Thuaidh, is plandaí buaircíneacha, síorghlasa iad na plandaí sa bhfine Taxaceae freisin. Ach in áit buaircíní adhmadacha a bheith acu, bíonn arail feolmhara orthu, atá cosúil le caora a bhíonn ar leithéidí an draighean (Prunus spinosa)an sceach gheal (Cratagea monogyna).

Chomh maith leis an iúr choiteann (Taxus baccata), tá iúir eile sa ngéineas Taxus. Fásann an t-iúr Ciúin-Aigéanach (Taxus brevifolia) ar chósta iarthuaiscirt Mheiriceá Thuaidh. Cosúil leis an iúr coiteann, is planda nimhneach é, cé go n-itheann éin na caora. Is ó nimh an chrainn seo a sintéisíodh paclitaxel, druga tábhachtach ceimiteiripe. Is féidir an ceimiceán céanna a asbhaint ó speicis eile d’iúir. Chuir an tAontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra (IUCN) an t-iúr Síneach (Taxus chinensis) ar an liosta plandaí atá i mbaol mar gheall ar an líon crann atá á ghearradh chun freastal ar an éileamh atá ar paclitaxel.[4]

Is é an luibheolaí agus sealgaire plandaí, Robert Fortune (1812-1880), a thug an t-iúr Seapánach (Taxus cuspidata) go dtí an Bhreatain in 1855.[5] Bhí baint mhór ag Fortune le haistriú plandaí tae (Camellia sinensis) ón tSín go dtí an India freisin, ar son Comhlacht Briotanach na hIndiacha Thoir.[6] I dteaghlaigh i Meiriceá Thuaidh, úsáidtear craobhacha den iúr Ceanadach (Taxus canadensis) mar mhaisiúchán Nollag in ionad cuilinn.[7]

Tá iúir eile sa bhfine seo freisin: na hiúir phlumaí (Cephalotaxus spp.), le torthaí móra feolmhara; na hiúir chaitíneacha (Amentotaxus spp.), a bhfuil buaircíní fireanna atá cosúil le caitíní acu; agus na hiúir noitmige (Torreya spp.), le torthaí atá cosúil le noitmige.

Crainn sa bhfine Taxaceae

Tagairtí

1. Christenhusz, M.J. and J.W. Byng, The number of known plants species in the world and its annual increase. Phytotaxa, 2016. 261(3): p. 201–217-201–217.

2. Pant, D., Inclusion of Taxaceae in a separate order, Taxales. Current Science, 2000. 79(3): p. 278-279.

3. Yang, Y., et al., Recent advances on phylogenomics of gymnosperms and a new classification. Plant Diversity, 2022. 44(4): p. 340-350.

4. Jia, X.-M. and X.-P. Liu, Characterization of the complete chloroplast genome of the Chinese yew Taxus chinensis (Taxaceae), an endangered and medicinally important tree species in China. Conservation Genetics Resources, 2017. 9: p. 197-199.

5. Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.

6. Gardener, W., Robert Fortune and the Cultivation of Tea in the United States. Arnoldia, 1971. 31(1): p. 1-19.

7. Lee, M., The yew tree (Taxus baccata) in mythology and medicine. Journal of the Royal College of Physicians of Edinburgh, 1998. 28(4): p. 569-575.