Myricaceae

Is fine bheag de chrainn agus de phlandaí éagsúla eile í Myricaceae, ina bhfuil 3 ghéineas agus timpeall 57 speiceas. Tá timpeall 50 speiceas den ghéineas Myrica ag fás ar fud an domhain, cé go ndéanann luibheolaithe dhá ghéineas díobh uaireanta, Myrica agus Morella, le formhór na speiceas sa ngéineas Morella. Ní dúchasach in Éirinn ach an roithleog (Myrica gale), planda atá an-choitianta ar phortaigh na hÉireann. Is i Meiriceá Thuaidh agus sa Nua-Chaladóin atá speicis eile na fine seo.
