Fabaceae

Is furasta plandaí ón bhfine Fabaceae a aithint. Bíonn an chuma chéanna ar bhláthanna na speiceas go léir, agus is i bhfaighneoga a bhíonn na síolta (tá piseanna agus pónairí sa bhfine). Is féidir leis na plandaí seo fás in ithir bhocht mar go dtógann siad a gcuid nítrigine ón aer. Saibhríonn siad an chréafóg nuair a lobhann an planda, agus mar gheall air seo baintear úsáid as speicis éagsúla seamair mar leasú talún agus mar fhodar do bheithígh. Is é an t-aiteann (Ulex spp.) agus an ghiolcach shléibhe (Cytisus scoparius) na sceacha dúchasacha atá sa bhfine Fabaceae.

An pheasair fhiáin (Vicia sepium), planda ón bhfine Fabaceae, i gConamara.

Fine na Léagúm

Le os cionn 750 géineas agus beagnach 20,000 speiceas, tá an fhine Fabaceae ar an tríú fhine plandaí talún is mó—níl níos mó ná é ach Asteraceae, le plandaí coitianta amhail an nóinín (Bellis perennis) agus an caisearbhán (Taraxacum spp.), agus Orchidaceae, fine na magairlíní.[1]

Tugtar fine na léagúm, nó fine na bpiseanna, ar an bhfine seo mar go bhfuil piseanna agus pónairí inti. Tá go leor de bhláthanna fiáine coitianta na hÉireann inti freisin, ina measc na peasairí (Vicia spp.), croibh éin (Lotus spp.), agus na seamair (Trifolium spp.). Is iad na seamra is mó atá i gceist nuair a dhéantar tagairt don tseamróg. De réir an tseanchais, d’úsáid Naomh Pádraig cruth trídhuilleach dhuilleog na seamróige chun an Tríonóid Naofa a léiriú.

An tseamair dhearg (Trifolium pratense).

Is féidir plandaí sa bhfine Fabaceae a aithint ón gcruth atá ar na bláthanna. Bíonn cúig pheiteal orthu go léir. Tugtar an bhratach ar an bpeiteal uachtarach, bíonn na sciatháin ar cheachtar taobh den bhratach, agus is iad na cílí an dá pheiteal íochtaracha. Forbraíonn síolta na bplandaí i bhfaighneoga (cosúil leis na faighneoga ina mbíonn piseanna). Is minic a dhúnann na peitil feoite isteach ar an bhfaighneog de réir mar a théann an séasúr ar aghaidh.

Fosú Nítrigine

Tá fosú nítrigine, ina mbaineann na plandaí leas as nítrigin san aer chun comhdhúile nítrigine a tháirgeadh, ar cheann de thréithe na bplandaí seo. Saibhríonn an próiseas seo an ithir nuair a lobhann an planda, agus dá bharr sin baintear úsáid as speicis éagsúla seamair mar leasú talún agus mar fhodar do bheithígh.

Sceacha na Fine

An t-aiteann gallda faoi bhláth.

Cé gur ilbhliantóga luibheacha an chuid is mó de na bplandaí sa bhfine, tá sceacha ann freisin. Tá formhór acu sa treibh Genisteae, sa bhfo-fhine Faboideae. Tá an labarnam sa treibh seo, crann beag atá dúchasach i ndeisceart na hEorpa agus a chuirtear mar chrann ornáideach in Éirinn de bharr na mbláthanna buí a chrochann anuas ó na craobhacha i raicéimí fada i mí na Bealtaine. Is iad na beallaí Albanach (Laburnum alpinum), na beallaí Francach (Laburnum anagyroides) nó hibrid den dá chrann (Laburnum x wateri) is mó a chuirtear i ngairdíní in Éirinn.

Tá sceacha sa treibh Genisteae atá dúchasach in Éirinn freisin. Tá an t-aiteann (Ulex spp.), sceach shíorghlas dheilgneach atá an-choitianta ar an oileán, sa treibh seo. Tá an ghiolcach shléibhe (Cytisus scoparius) ann freisin, sceach dhúchasach eile a bhfuil bláthanna buí uirthi, cé nach bhfuil sí deilgneach.

Plandaí sa bhfine Fabaceae

Tagairtí

1. Christenhusz, M.J. and J.W. Byng, The number of known plants species in the world and its annual increase. Phytotaxa, 2016. 261(3): p. 201–217-201–217.