Celastraceae

Tá 98 géineas agus 1,350 speiceas sa bhfine Celastraceae, agus tá formhór acu i gceantair thrópaiceacha. Níl dúchasach in Éirinn ach dhá ghéineas den fhine seo, Euonymus agus Parnassia, agus is an-difriúil óna chéile atá siad. Is sceach dhúchasach í an feoras (Euonymus europaeus) agus is ilbhliantóg bheag í an fionnscoth (Parnassia palustris) a fhásann in eanaigh alcaileacha san iarthar.

Is crainn, sceacha, nó féithleoga adhmadacha síorghlasa nó duillsilteacha iad na plandaí sa ngéineas Euonymus[1] a fhásann sa Leathsféar Thuaidh.[2] Tá timpeall 130 speiceas a ngéineas, agus is in oirthear na hÁise atá formhór na speiceas, ach faightear iad i Meiriceá, san Astráil, agus san Eoraip.[3]
Níl dúchasach in Éirinn ach speiceas amháin, an feoras (Euonymus europaeus), cé go bhfuil roinnt cineálacha eile curtha i bpáirceanna agus gairdíní mar chrainn agus sceacha ornáideacha. Tugtar feorais (spindles, i mBéarla) ar na cineálacha crann sa ngéineas, cé go dtugtar feoras freisin ar an gceann dúchasach atá in Éirinn. Cé go mbíonn bláthanna beaga neamhfheiceálacha ar feorais, bíonn na torthaí—caora uathúla—suntasach, agus tagann dathanna álainn ar na duilleoga sa bhfómhar. Cuirtear mar chrainn ornáideacha iad mar gheall ar na torthaí seo, agus toisc go dtagann dathanna tarraingteacha ar dhuilliúr na bplandaí san fhómhar.
Is crann beag nó sceach é an feoras Seapánach (Euonymus japonicus) a fhástar i ngairdíní in Éirinn, go háirithe i gceantair chósta, agus a shíolraíonn go fiáin i gContae Loch Garman.[4] Is crann síorghlas é a fhástar go minic mar fhál. Is núíosach é Euonymus latifolius freisin. Mar aon le feorais eile, fástar é mar gheall ar dhathanna mórthaibhseacha an duilliúir sa bhfómhar.

Is plandaí beaga Artacha agus Alpacha iad na speicis sa ngéineas Parnassia, géineas eile de chuid Celastraceae. Tá speiceas amháin sa ngéineas seo, an fhionnscoth (Parnassia palustris) nó an fionnán bán,[5] a fhásann go dúchasach in Éirinn. Tagann bláthanna bána le cúig pheitil amach ar an bplanda seo sa samhradh. Fásann sé in ithir fhliuch san iarthar agus i lár na tíre.[4]
Plandaí sa bhfine Celastraceae
Tagairtí
1. Stace, C., New Flora of the British Isles. 4ú ed. 2019: C&M Floristics.
2. Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.
3. Du, C., Y. Zuo, and J. Ma, Revision of three species of Euonymus (Celastraceae) from China. Phytotaxa, 2013. 109(1): p. 45–53-45–53.
4. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
5. Moloney, M.F., Irish ethno-botany and the evolution of medicine in Ireland. 1919: MH Gill.