Adoxaceae

Is sa bhfine Adoxaceae atá dhá chrann (ach is minice a thugann muid sceacha orthu) a fhásann go dúchasach in Éirinn—an trom (Sambucus nigra) agus an chaor chon (Viburnum opulus). Tá an trom ar an bplanda ón bhfine Adoxaceae is coitianta in Éirinn, agus ba phlanda tábhachtach é do shochaí na tíre fadó. Níl an chaor chon chomh fairsing leis an trom, ach feictear an sceach dhuillsilteach seo ag fás i gcoillte ar fud an oileáin.

Bíonn imeall na nduilleog fiaclach i bplandaí na fine seo agus bíonn na duilleoga (agus na bachlóga sa ngeimhreadh) ar aghaidh a chéile ar an ngéag. Bíonn bláthra de bhláthanna beaga le cúig pheitil acu. Is drúp é toradh na sceiche—síol le clúdach crua adhmadach atá timpeallaithe ag ábhar bog feolmhar (an chaor).

Is ó phlanda beag eile sa bhfine, moscadal (Adoxa moschatellina), ilbhliantóg atá coitianta sa mBreatain ach an-annamh in Éirinn, a fuair an fhine an t-ainm Adoxaceae. Níl sé le fáil ach ar dhá shuíomh in Éirinn[1]—in aice le Béal Feirste agus in aice le Baile Átha Cliath—agus ceaptar gur tugadh isteach sa tír é.[2] Is í an tSín ceantar dúchais na bplandaí ón dá ghéineas eile atá sa bhfine Adoxaceae, Sinadoxa agus Tetradoxa.
Plandaí sa bhfine Aquifoliaceae
Tagairtí
1. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
2. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.