Na Fionnchoill

Cé nach bhfuil aon ainm ar leith do na crainn sa ngéineas Sorbus, mar atá ag, mar shampla, Quercus (na daracha) agus Betula (na beitheanna), is géineas thar a bheith spéisiúil é. Is é an caorthann (Sorbus aucuparia) an crann is coitianta ón ngéineas Sorbus in Éirinn. Is cineálacha fionncholl iad an chuid eile de na crainn ón ngéineas Sorbus atá ag fás in Éirinn. Is crainn mheánmhéide, dhuillsilteacha, le bláthanna móra bána agus caora beaga feolmhara, iad na crainn seo go léir.
Tá an fionncholl gaelach (Sorbus hibernica) ar cheann de dhá chrann nó sceach atá eindéimeach d’Éirinn—níl sé dúchasach in aon áit eile ar domhan. Is é Sorbus scannelliana, nach bhfásann ach ar Oileán an Rois, in aice le Cill Airne, an ceann eile. Níl ach dornán beag de chrainn ón speiceas seo ar domhan, agus tá gach ceann acu ar oileán an Rois. Tá crainn Sorbus eile ag fás in Éirinn—tá an oiread sin ann toisc go bhfuil plandaí sa ngéineas in ann hibridiú go héasca lena chéile.
An Géineas Sorbus
Tá os cionn 200 speiceas aitheanta sa ngéineas Sorbus.[1] Tá an oiread sin ann toisc go bhfuil plandaí sa ngéineas in ann hibridiú go héasca lena chéile, agus mar go bhfuil cineálacha dioplóideacha (le dhá shraith crómasóm sna cealla, ceann ón dá thuismitheoir) agus polaplóideacha (le níos mó ná dhá shraith crómasóm sna cealla) sa ngéineas. Ciallaíonn sé seo go bhfuil speictream leathan de chineálacha Sorbus ag fás ar fud an domhain, le difríochtaí beaga agus móra eatarthu, agus a bhíonn aitheanta mar speicis dhifriúla ag luibheolaithe éagsúla.[2]
Lena chois sin, tá speicis Sorbus éagsúla in ann atáirgeadh trí phróiseas ar a dtugtar apaimiscis. Ar an gcaoi seo, fásann crann síolta inmharthana gan toirchiú (pailniú) a bheith déanta ar na bláthanna roimh ré. Dá thoradh sin, is clóin den mháthairchrann iad na crainn a fhásann ó na síolta seo. Nuair a ghintear hibrid nua, is féidir leis iomadú trí apaimiscis agus pobal de chrainn nua a chruthú sa gceantar beag inar fhás an chéad hibrid. Maítear gur chóir micrispeiceas, seachas speicis astu féin, a thabhairt orthu seo mar gheall nach bhfuil comhdhéanamh leathan géiniteach acu.[3]
Na Speicis Éagsúla i Sorbus

Is é an crann caorthainn (Sorbus aucuparia) an Sorbus is coitianta in Éirinn, agus is fionnchoill iad na plandaí Sorbus eile. Is é an fionncholl coiteann (Sorbus aria) ceann de na fionnchoill is fairsinge in Éirinn, ach tá formhór de na plandaí seo curtha. Tá éiginnteacht ann faoi stádas an fhionnchoill seo mar chrann dúchasach.[4] Fásann sé go fiáin ar aolchloch in iarthar na tíre.[5]
Tá an fionncholl gaelach (Sorbus hibernica) ar cheann de dhá chrann nó sceach atá eindéimeach d’Éirinn—níl sé dúchasach in aon áit eile ar domhan.[4] Is é Sorbus scannelliana, nach bhfásann ach ar oileán an Rois, in aice le Cill Airne, an ceann eile. Níl ach dornán beag de chrainn ón speiceas seo ar an domhan, agus tá gach ceann acu ar oileán an Rois.[6]
Tá an fionncholl creige (Sorbus rupicola) an-scaipthe in Éirinn—is san iarthar agus sa tuaisceart is mó a fhásann sé.[3] Ní fhásann an fionncholl gallda (Sorbus anglica) ach i gCill Airne amháin (fásann sé in iarthar na Breataine freisin).[7] Bíonn an toradh níos leithne ná mar a bhíonn sé fada, agus is os cionn lár na duilleoige a bhíonn an leithead is leithne ag an duilleog.[3]
Tá fionncholl Domhnann (Sorbus devoniensis), le torthaí móra donna atá an-difriúil ó thorthaí na bhfionncholl eile,[3] dúchasach freisin. Is dócha gur hibrid é seo idir an crann soirb fiáin (Sorbus torminalis) agus an fionncholl coiteann (Sorbus aria).
Cuirtear an fionncholl Lochlannach (Sorbus intermedia) go fairsing in Éirinn mar chrann ornáideach.
Tagairtí
1. Rich, T. and M. Proctor, Some new British and Irish Sorbus L. taxa (Rosaceae). Watsonia, 2009. 27(3): p. 207.
2. Welk, E., D. de Rigo, and G. Caudullo, Sorbus aria in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European Atlas of Forest Tree Species. Publ. Off. EU, Luxembourg, e01e816, 2016.
3. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
4. Rich, T., A. Lockton, and J. Parnell, Distribution of the Irish Whitebeam, Sorbus hibernica EF Warb.(Rosaceae). Watsonia, 2005. 25(4): p. 369-380.
5. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
6. Kelly, D.L. and S. Hanley. Native and invader: two Sorbus (whitebeam) species new to the Burren, Co. Clare, Ireland. in Biology and Environment: Proceedings of the Royal Irish Academy. 2020. Royal Irish Academy.
7. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.