Na Beitheanna

Tugtar beitheanna ar na crainn agus na sceacha atá sa ngéineas Betula. Tá dhá speiceas dúchasach in Éirinn: an bheith chlúmhach (Betula pubescens) agus an bheith gheal (Betula pendula). Is crainnte duillsilteacha, galánta iad na beitheanna dúchasacha seo. Is iondúil gur féidir an dá speiceas a aithint óna chéile mar go mbíonn difríochtaí beaga i gcruth na duilleoige, sa gcoirt, agus i gcuma na gcrann. Bhí an-tábhacht leis an mbeith in Éirinn fadó—d’úsáidtí an t-adhmad mar ábhar tógála, ach dhéantaí fioghual, tarra, agus ruaim as codanna na beithe chomh maith, agus d’úsáidí an crann mar leigheas ar eachma an chraicinn. Cuirtear beitheanna eile, cosúil leis an mbeith Himiléach (Betula utilis), mar chrainn ornáideacha mar gheall ar a gcoirt bhán mhealltach.
Na Beitheanna Dúchasacha

Is crainn dhuillsilteacha iad beitheanna atá sa bhfine chéanna, Betulaceae, le crainn dhúchasacha eile, amhail an crann coille agus an fhearnóg (an gaol is gaire dóibh). Tá gaol gar acu freisin le crainn sa bhfine Fagaceae, ina measc an fheá (Fagus sylvatica) agus an dair (Quercus spp.).
Tá dhá speiceas den bheith dúchasach in Éirinn: an bheith chlúmhach (Betula pubescens) agus an bheith gheal (Betula pendula). Bíonn difríochtaí moirfeolaíocha idir beitheanna difriúla, agus glactar leis go hibridíonn an dá speiceas lena chéile freisin, cé go bhfuil éiginnteacht ann faoi cé chomh forleathan a tharlaíonn sé seo agus cé chomh fairsing atá an bheith hibrideach (Betula pendula x pubescens nó Betula x aurata) in Éirinn.[1, 2] Dá thoradh seo, bíonn crainn le tréithe atá idirmheánach idir an dá speiceas ann agus bíonn sé deacair uaireanta na speicis éagsúla a aithint óna chéile.
Ach is iondúil gur féidir an dá speiceas de bheith a aithint óna chéile mar go mbíonn ribí beaga gruaige ar ghéaga na beithe clúmhaí agus bíonn géaga na beithe gile neamhchlúmhach. Bíonn difríochtaí beaga i gcruth na duilleoige agus i ndath na coirte freisin.
Gnáthóga na mBeitheanna
Bhí na beitheanna i measc na gcéad chrainn a tháinig go hÉirinn tar éis an oighrithe dheiridh. Léiríonn taifid pailine ón am sin gur scaip beitheanna go tapa ar fud an oileáin luath sa tréimhse Holaicéineach, timpeall 10,000 bliain ó shin.[3]
Cosúil le crainn téisclime eile, fásann an dá speiceas dúchasacha in ithir bhocht, aigéadach.[4] Tá tréithe ag beitheanna a chuidíonn leo greim a fháil ar thalamh lom—fásann siad go tapa, tá crann amháin in ann na mílte síol a scaipeadh, agus péacann siad go héasca. Anuas ar sin, tá crainn atá 10 mbliana d’aois in ann crainn nua a shíolrú. Is minic, mar sin, go nglacann beitheanna seilbh ar thalamh briste agus tréigthe, chomh maith le ciumhaiseanna iarnróid.

Ach, cosúil le go leor crainn téisclime, ní mhaireann beitheanna ach tuairim is 100 bliain nó mar sin. Bíonn siad ag brath go mór ar sholas na gréine agus ní éiríonn go maith leo nuair a bhíonn orthu dul i gcomórtas le crainn eile, cosúil leis an dair, chun an solas sin a fháil.
Tá beitheanna go maith do bhithéagsúlacht na tíre. Is crainn chaola, oscailte iad na beitheanna le duilleoga beaga, i gcomparáid le crainn eile. Mar sin, bíonn go leor solais i gcoillte beithe, agus dá thoradh seo, fásann féar agus plandaí eile le bláthanna go flúirseach fúthu. Tá timpeallacht thais na foraoise seo go maith do raon leathan caonaigh agus fungas freisin.
Ní crainn arda iad na beitheanna—ní bhaineann siad mórán níos airde ná 25 m amach in Éirinn, agus cuid mhaith níos lú ná sin sna críocha fuara ó thuaidh. Bíonn coirt gheal, le scáil rua, ar an mbeith chlúmhach. Bíonn coirt na beithe gile níos gile. Bíonn línte cothrománacha ar choirt na beithe chlúmhaí, agus pátrún mhuileatach ar choirt na beithe gile.

Is crann géagach, oscailte í an bheith—ní minic a bhíonn craobhacha móra leathana aici. Is minic go mbíonn faireoga beaga donn nó bána ar ghéaga na mbeitheanna. Fásann na géaga go cothrománach nó ag claonadh suas ar an mbeith chlúmhach, bíonn cuma shleabhctha ar na géaga a bhíonn ar an mbeith gheal.
Is mar gheall go mbíonn ribí beaga gruaige ar ghéaga óga an chrainn a fhaigheann an bheith chlúmhach an t-ainm (ciallaíonn pubescens clúmhach sa Laidin). Bíonn sé deacair na ribí a fheiceáil gan lúpa, agus ceaptar go bhfuil crainn san iarthar gan aon ribí orthu ar chor ar bith.[5] Is mar gheall ar dhath geal na coirte a fhaigheann an bheith gheal a ainm.
Tugtar scuab caillí ar an meall géaga a bhreathnaíonn cosúil le nead éin agus a bhíonn le feiceáil ar chrainn éagsúla. Tá siad coitianta ar bheitheanna, agus is iondúil gurb é an fungas, Taphrina betulina, is cúis leo. De thoradh an fhungais, cailleann an ghéag an cumas chun fás rialta, struchtúrtha a dhéanamh, agus cruthaítear caithreáil géaga a fhásann i ngach treo.[6]
Duilleoga, Bláthanna, agus Torthaí
Duilleoga na Beithe
Is cruth triantánach a bhíonn ar na duilleoga ar an mbeith chlúmhach. Bíonn imeall na nduilleog fiaclach. Bíonn difríochtaí idir iad agus na duilleoga a bhíonn ar an mbeith gheal. Ar an gcéad dul síos, is iondúil go mbíonn siad níos lú ar an mbeith gheal (2-5 cm ar fhad don bheith gheal agus 3-7 cm don bheith chlúmhach.[7] Freisin, tagann an dá imeall ar gach taobh den duilleog le chéile i gcuar chun an bior a dhéanamh ar bharr na duilleoige ar an mbeith gheal—níl an cuar seo chomh feiceálach ar an mbeith chlúmhach.
Anuas ar seo, bíonn cruth níos ciorclaí ar bhun dhuilleog na beithe clúmhaí, san áit a dtagann an duilleog agus gas na duilleoige le chéile. Ar an mbeith gheal, tagann an dá imeall ar an dá taobh den duilleog le chéile go biorach chuig gas na duilleoige.
Ach ní féidir brath i gcónaí ar na leideanna seo chun idirdhealú a dhéanamh idir an dá chrann. Mar go hibridíonn an dá chrann le chéile, d’fhéadfadh tréithe idir eatarthu a bheith ag duilleoga an chrainn.
Bláthanna na Beithe
Tá crainn bheithe atá os cionn 10 mbliain d’aois in ann bláthú,[7] aois atá réasúnta óg i gcomparáid le crainn eile. Is crainn mhoinéiciacha iad na beitheanna, cosúil leis na crainn eile sa bhfine Betulaceae. Ciallaíonn sé seo go bhfásann caitíní fireanna agus baineanna ar an gcrann céanna.

Tosaíonn na caitíní fireanna ag forbairt sa samhradh, i ngrúpaí de phéire nó trí cinn. Is dath buí nó donn a bhíonn siad agus crochann siad anuas ó ngéag. Scaipeann siad pailin in earrach na bliana ina dhiaidh sin, cúpla lá sula n-osclaíonn na caitíní baineanna.
Bíonn na caitíní baineanna níos lú ná na cinn fhireanna agus fásann siad ceartingearach os a gcionn. Pailníonn an ghaoth na caitíní baineanna agus forbraítear toradh (1-4 cm) sorcóireach, a bhreathnaíonn cosúil le buaircín, thar thréimhse an tsamhraidh. Scaipeann gach cón na céadta samár—síolta beaga sciathánacha—ag deireadh an tsamhraidh.

Adhmad na Beithe
Tá adhmad crua ag an mbeith agus soláthraíonn sí níos mó adhmaid chrua i dtuaisceart na hEorpa ná aon chrann eile. Fástar an bheith i bhfáschoillte in éineacht leis an bpéine Albanach (Pinus sylvestris) agus sprúsanna éagsúla (Picea spp.).[7] Mar aon leis an bhfearnóg (Alnus glutinosa), baintear úsáid as beitheanna chun talamh tréigthe a shaibhriú arís, go hiondúil le gur féidir crainn eile a chur ina ndiaidh.[7]
Úsáid na Beithe
Tá fianaise ann go raibh adhmad na beithe in úsáid ar feadh na mílte bliain. Frítheadh poill le cuaillí faobhraithe beithe iontu, a bhí in úsáid mar ghaiste d’ainmhithe, i Yorkshire Shasana. Bhí na cuaillí timpeall 2,500 bliain d’aois. Aimsíodh coirt bheithe i Baile an Tuaighe, Co. Aontroma, a bhí chomh sean céanna. D’úsáidtí adhmad na beithe chun crannóga in Albain a dhéanamh freisin.[8]
Is féidir tarra a dhéanamh as coirt na beithe ach é a thriomú i dteas ard agus gan mórán aeir a scaoileadh chuige, próiseas ar a dtugtar turdhriogadh. Aimsíodh tarra beithe ar uirlisí cloiche i dTuscáin na hIodáile a rinneadh sa tréimhse Pléisticéineach (185–135,000 bliain ó shin).[9] Dhéantaí an tarra ar fud na hEorpa agus d’úsáidtí é go príomha mar ghreamachán.[10]
Níos deireanaí, bhaintí úsáid as an mbeith chun páirteanna d’innealra a dhéanamh i dtionscadal déantúsaíochta an chadáis sa mBreatain.[11] Bhaintí úsáid as coirt na beithe i dtionscail na súdaireachta freisin.[12] Dhéantaí fioghual ar ardchaighdeán as adhmad na beithe freisin.
Dhéantaí dathú as an mbeith freisin. Is iondúil gur dath donn a chuirtí ar an olann le coirt na beithe, ach d’fhéadfaí dath dearg a bhaint as sraitheanna den choirt atá níos faide istigh sa gcrann.[13]
Dhéantaí scuaba as an mbeith san am atá caite[14] —cheanglaítí géaga ón mbeith agus ón bhfraoch le cois adhmaid agus d’úsáidtí seo le hurláir chréafóige na dtithe a scuabadh. Cé gur mó úsáid a bhaineadar as adhmad na fearnóige chun paitíní a dhéanamh in Éirinn, dhéantaí na bróga adhmaid sin as an mbeith freisin.
Dhéantaí scáthláin ghaoithe as an mbeith agus as an gcoll (Corylus avellana) le cur in aghaidh tithe le cosaint a thabhairt in aghaidh na gaoithe.[15] D’úsáidtí an bheith mar fhoinse solais freisin—bhí sé éasca géaga triomaithe beithe a lasadh mar go bhfuil ola san adhmad.[8]
Dár ndóigh, bhí úsáid eile ag craobhacha beithe go dtí le gairid, mar is léir ó na tomhaiseanna searbhasacha atá fairsing i mBailiúchán na Scol: “Cén crann is lú a thaitníonn le buachaillí scoile?” agus “Cén crann a fheictear go minic ar scoil?” Bhaintí úsáid fhorleathan as an slat bheithe le gasúir óga a smachtú.
Sú na Beithe
Tosaíonn an sú i xiléim na beithe (tógann an xiléim uisce agus cothaithigh ó fréamhacha an chrainn go dtí na duilleoga) ag gluaiseacht aníos ó fréamhacha an chrainn luath san earrach. Tarlaíonn an próiseas seo i gcrainn eile, amhail an mhailp (Acer campestre) agus an seiceamóir (Acer pseudoplatanus). Agus an próiseas seo ar bun, is féidir an crann a bhearnú agus an sú seo a úscadh ón stoc.
Déantar síoróip nó fíon as an sú.[4] Tá mianraí éagsúla sa sú seo—copar, sinc, agus mangainéis—atá in ann tionchar dearfach a imirt ar an gcóras imdhíonachta, an córas atáirgthe, agus ar an gcraiceann, an ghruaig, agus na hingne.[16] Go deimhin, tá tagairt i mBailiúchán na Scol, ó Chontae Thiobraid Árann, go raibh an sú go maith chun “droch-fhuil” a leigheas.
D’óltaí sú na beithe in Éirinn agus thar lear freisin chun scorbach a sheachaint, cé nach bhfuiltear cinnte cé chomh fairsing agus a bhí bearnú na mbeitheanna á chleachtadh in Éirinn, i gcomparáid le tíortha eile ina raibh sé forleathan.[13] Tá tóir anois ar sú choipthe an bheithe mar phróibhitheach nádúrtha.[17]
Leigheas na Beithe
Is minic a luaitear i mBailiúchán na Scol coirt na beithe mar leigheas ar eachma an chraicinn. Déantar ceirnín de ar an gcraiceann nó bruitear in uisce é agus óltar an tae sin. Bhaintí úsáid as an mbeith mar chógas ar eachma—agus soiriáis freisin—i dtíortha eile.[18] Déantar amhlaidh in oirthear na hÁise le coirt ó speiceas eile, an bheith bhán Sheapánach (Betula platyphylla var. Japonica), agus tá sé léirithe go maolaíonn coirt na beithe sin deirmitíteas i luchain.[19]
Ní hí an bheith an t-aon phlanda a bhí in úsáid chun breoiteachtaí craicinn a leigheas in Éirinn. D’úsáidtí an bearnán lachan (Menyanthes trifoliata), an neantóg (Urtica dioica), agus an t-eibheann (Hedera hibernica) chuige seo freisin. Meascadh na duilleoga le tuirpintín chun scoilteacha a leigheas, agus, mar aon leis an eachma, feiceann eolaithe go bhfuil duilleoga na beithe in ann limficítí athlastacha (is iad is cúis le airtríteas réamatóideach) a cheansú sa gcorp.[20]
Is féidir an taobh istigh de choirt na beithe (an fléam) a ithe – déantar arán as sa gCríoch Lochlann. Is léir gur ith daoine coirt na beithe le linn an Ghorta Mhóir in Éirinn.[13]

Bhí an bheith aitheanta mar ghnáthchrann na coille (aithig fhedo) sa bhFéineachas in Éirinn na Meánaoise. Bhí crainn faoi chosaint ag dlíthe na tíre ag an am agus gearraíodh pionós de bhó bhainne dá ndéanfaí damáiste do bheith.
Is dócha gur mar gheall ar chaighdeán an adhmaid—nach bhfuil chomh luachmhar le hadhmad na darach, mar shampla—nach n-áirítear an bheith in uaisle na gcoille (airig fedo).[14, 21] Níor rinneadh idirdhealú idir an bheith chlúmhach agus an bheith gheal sa gcóras seo. Chuile sheans, mar gur tuigeadh go raibh an tábhacht chéanna ag baint leis an dá speiceas, in ainneoin na ndifríochtaí eatarthu, gur áiríodh iad faoi ainm amháin.[14]
Tá roinnt tobair bheannaithe atá luaite i mBailiúchán na Scol ina bhfuil crainn bheithe ag fás in aice leo. Tá cáil ar thobar amháin, i mBáinseach Thiobrad Árann, atá timpeallaithe ag beitheanna. De réir an tseanchais áitiúil, ní dhóigh adhmad na gcrann seo agus ní fhiuchadh uisce an tobair. Is leigheas do ghalracha agus tinnis éagsúla an t-uisce, ach é a ól.
Tá tobar beannaithe eile i gCo. Liatroma agus crann beithe agus sceach gheal (Crataegus monogyna) ag fás in aice láimhe, agus bhí dhá bheith ag fás taobh le tobar i gContae Chorcaí a raibh leigheas do shúile tinn san uisce. Ní fios an raibh baint ag na crainn seo le cumhacht na dtoibreacha.
Ainm an Chrainn
Maítear go dtagann an focal ‘beith’ ón bhfocal Gaillise don chrann, ‘betu’, agus go bhfuil gaol aige leis an bhfocal ‘bitumen’. Dhéantaí tarra as coirt an chrainn atá cosúil le biotúman. Is uaidh seo, de réir na teoirice, a tháinig ainm an ghéinis, Betula. Ach níl cinnteacht faoi seo, mar dhéantaí tarra as crainn eile freisin, go háirithe an péine (Pinus spp.).[22]
Ceaptar gur ón bhfocal Sanscrait ‘bhurja’, a chiallaíonn crann le coirt gur féidir scríobh air, a tháinig ainmneacha na beithe i dteangacha éagsúla eile (birch i mBéarla, Birke i nGearmáinis, Bjork in Ioruais).[4]
Tá ainm an chrainn seo le feiceáil i logainmneacha éagsúla ar fud na tíre—Gleann Beithe i gCiarraí agus Achadh Bheithe i gContae Fhear Manach ina measc. Tá Doire Bheithe (Doire Bheathach[23]) i gContae Longfoirt agus Díseart Beitheach i gContae Laoise.
Scaití, faightear leagan firinscneach den ainm sna logainmneacha, mar shampla Gleann an Bheithe i dTír Chonaill, Gort an Bheithe i gContae an Chláir, agus Coill an Bheithe i gContae Fhear Manach. Uaireanta eile, is leagan baininscneach a bhíonn luaite le háit, mar shampla Bealach na Beithe, Contae Liatroma.
Tá Tír na Scuab i gContae Ard Mhacha, as a dtáinig na scuaba beithe, is cosúil.[23] Tá tagairt i mBailiúchán na Scol de chrann ar leith, Beith an Chrochaire, i gContae Chiarraí, ar a crochadh fear san am atá caite.
Beitheanna eile
Tá an bheith bheag (Betula nana), sceach bheag a fhásann in aeráid fhuar fheannta, le fáil sa mBreatain agus i dtuaisceart na hEorpa, ach níl sí in Éirinn. Is léir go raibh an planda seo in Éirinn tar éis na hoighearaoise deiridh, ach díothaíodh í nuair a d’ardaigh teocht na haeráide.[24] Fásann sí ar shléibhte portaigh, i gcoinníollacha fliucha agus aigéadacha.
Ní fhásann sí níos airde ná 30 cm in Albain, b’fhéidir mar gheall ar an mbrú ó fhianna agus ó chaora, ach is féidir léi 1 m a bhaint amach sna críocha Lochlannacha. Cé go bhfuil sí i bhfad níos lú ná na beitheanna eile sa ngéineas, is planda crua í an bheith bheag, atá in ann ag coinníollacha feannta, agus ceaptar go maireann na sceacha seo níos faide ná na crainn mhóra eile atá sa ngéineas céanna.[4]
A bhuíochas don ardú teochta san Artach de thoradh an athraithe aeráide, tá an bheith bheag ag scaipeadh go tréan anois i dtundra na Graonlainne.[25]
Fásann crann beithe eile, Betula pubescens ssp. tortuosa, le craobhacha casta agus duilleoga beaga, sa gCríoch Lochlann freisin. Is hibrid é idir an bheith bheag agus an bheith chlúmhach. Tá an planda fairsing in Albain, agus luaite le tuaisceart agus deisceart Éirinn freisin (cé nach bhfuil sé seo deimhnithe).[2]
Tá an-tóir ar Betula papyrifera (Paper Birch), a thagann as Meiriceá Thuaidh, mar gheall ar choirt bhán an chrainn, a bhfuil cuma an pháipéir air nuair a scamhann sé ón stoc. Cuirtear an bheith Himiléach (Betula utilis) go forleathan in Éirinn mar chrann ornáide freisin, arís go príomha mar gheall ar an gcoirt mhealltach.
Tagairtí
1. Amphlett, A., Identification and taxonomy of Betula (Betulaceae) in Great Britain and Ireland. British & Irish Botany, 2021. 3(2): p. 99-135.
2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
3. Hall, V., The history of Irish forests since the Ice Age. Irish Forestry, 1997.
4. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
5. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
6. Christita, M., A. Auzane, and K. Overmyer, Chapter 5 – Witches’ broom disease of birch, in Forest Microbiology, F.O. Asiegbu and A. Kovalchuk, Editors. 2023, Academic Press. p. 121-136.
7. Beck, P., et al., Betula pendula, Betula pubescens and other birches in Europe: distribution, habitat, usage and threats. 2016.
8. Lines, R., Man’s use of birch—past and present. Proceedings of the Royal Society of Edinburgh, Section B: Biological Sciences, 1984. 85(1-2): p. 203-213.
9. Mazza, P.P.A., et al., A new Palaeolithic discovery: tar-hafted stone tools in a European Mid-Pleistocene bone-bearing bed. Journal of Archaeological Science, 2006. 33(9): p. 1310-1318.
10. Stacey, R.J., et al., Birch bark tar in early Medieval England – Continuity of tradition or technological revival? Journal of Archaeological Science: Reports, 2020. 29: p. 102118.
11. WALSH, G.E., MAINE’S WOOD NOVELTY MILLS. Scientific American, 1902. 87(17): p. 269-269.
12. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
13. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
14. Mc Loughlin, J., Trees and woodland names in Irish placenames. In. Irish Forestry, 2016. 73: p. 239-257.
15. Mac Coitir, N., The vernacular uses of Irish wood. Irish Forestry, 2022. 77(1&2): p. 94-105.
16. Staniszewski, P., et al., The effect of tree age, daily sap volume and date of sap collection on the content of minerals and heavy metals in silver birch (Betula pendula Roth) tree sap. PLoS One, 2020. 15(12): p. e0244435.
17. Grabek-Lejko, D., et al., The bioactive and mineral compounds in birch sap collected in different types of habitats. Baltic Forestry, 2017. 23(2): p. 394-401.
18. Shaw, K., et al., The red list of Betulaceae. 2015.
19. Kim, E.-C., et al., The bark of Betula platyphylla var. japonica inhibits the development of atopic dermatitis-like skin lesions in NC/Nga mice. Journal of ethnopharmacology, 2008. 116(2): p. 270-278.
20. Gründemann, C., et al., An aqueous birch leaf extract of Betula pendula inhibits the growth and cell division of inflammatory lymphocytes. J Ethnopharmacol, 2011. 136(3): p. 444-51.
21. Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.
22. Quentel, G., The origins of tree names in Celtic. Studia Celtica Posnaniensia, 2018(3): p. 33-46.
23. Joyce, P.W., Irish Names of Places. 1913, Baile Átha Cliath: Phoenix Publishing Ltd.
24. O’Dowd, N., The improvement of Irish birch. Phase 1: Selection of individuals and populations. 2004: COFORD: Dublin.
25. Hollesen, J., et al., Winter warming as an important co‐driver for Betula nana growth in western Greenland during the past century. Global Change Biology, 2015. 21(6): p. 2410-2423.